← Is minic sa Bhéaloideas gur le hOisín a bhíonn na comhráití ag Naomh Pádraig (Laoithe na Féinne, m.sh.) 🔊
← ach sa chás seo is é Caoilte atá ann). 🔊
← "Ní ithimís ach aon phroinn sa lá agus sin tráthnóna. 🔊✎
← Dhéanaidís dhá pholl nó clais sa talamh i gcré bhuí agus líonaidís le huisce iad. 🔊✎
← Ansin ghléasaidís cuid den fheoil ar bhearacha adhmaid, dá bruit leis an tine agus an chuid eile ina dlaoithe le súgáin agus chuiridís san uisce í sa chlais ba mhó den dá chlais. 🔊✎
← Bhídís ag cur na gcloch dearg as na tinte isteach san uisce agus ag baint gaile as go mbíodh an fheoil bruite acu. 🔊✎
← "Chruinníodh na laochra ar an tulach agus níodh gach uile fhear acu a cheann agus a chorp sa dara clais go mbaineadh sé an t-allas de. 🔊✎
← A fholt a réiteach sa choill agus gan ach aon chrann amháin a ligean idir é féin agus laochra a thóra. 🔊✎
← Dá ndéanfadh sé é sin uile chaithfeadh sé móid a thabhairt go mbeadh sé umhal urramach do Rí na Féinne agus ansin ghlacfadh Fionn sa bhFiannaíocht é. 🔊✎